Ciallaíonn an earráid seo gur thuairteáil (= gur chlis) breiseán (Adobe Flash, mar shampla). Má dhéantar an leathanach a athluchtú atosófar an breiseán, agus taispeánfar d'fhíseán (nó inneachar de chineál eile) arís. Sula ndéanfaidh tú an leathanach a athluchtú, is féidir leat nóta tráchta a fhágáil chun míniú a thabhairt ar cén chaoi ar tharla sé agus tuairisc ar an tuairteáil a sheoladh chuig Mozilla trí chliceáil ar
Clár na nÁbhar
Céard é an rud é breiseán?
Is éard is breiseán ann ná píosa bogearraí a thaispeánann inneachar Idirlín nach bhfuil Firefox féin in ann a láimhseáil. Físeáin, fuaimeanna, cluichí ar líne agus láithreoireachtaí a chruthaítear i bhformáidí atá faoi phaitinn a bhíonn i gceist go hiondúil. Is iad na comhlachtaí a dhéanann na formáidí sin a chruthaíonn agus scaipeann breiseáin chun na formáidí atá faoi phaitinn a úsáid. Ar na breiseáin is coitianta tá Adobe Flash, Apple QuickTime agus Microsoft Silverlight.
Céard é an rud é tuairteáil?
Tarlaíonn tuairteáil nuair a stopann píosa bogearraí de bheith ag obair go tobann. Tuairteálann breiseáin uaireanta ar chúiseanna éagsúla, agus ciallaíonn sin go dtuartálann Firefox in éineacht leis. Chun tuilleadh eolais a fháil ar thuartálacha Firefox, féach Troubleshoot Firefox crashes (closing or quitting unexpectedly). Tá breiseáin áirithe ann a lódáltar ar leithligh, seachas i bhFirefox féin, rud a fhágann gur féidir le Firefox fanacht oscailte má thuartálann an breiseán.
Cén fhaisnéis a sheoltar i dtuairisc ar thuairteáil?
I dtuairiscí ar thuairteáil ní bhíonn ach an t-eolas teicniúil a theastaíonn chun cabhrú le forbróirí Firefox a fháil amach céard a bhí cearr, agus conas é a dheisiú. Ní bhíonn eolas pearsanta sna tuairiscí seo. Ar an eolas a sheoltar i dtuairisc, tá:
- an leathanach gréasáin ar a raibh tú
- an leagan de Firefox a bhí in úsáid agat
- do chóras oibriúcháin
- breiseáin atá suiteáilte
- eisínteachtaí atá suiteáilte
- agus eolas teicniúil eile.
Tá an t-eolas seo ar fad faoi réir Pholasaí Príobháideachais Firefox (en).
Cén chaoi a stopfaidh mé breiseáin de bheith ag tuairteáil?
Is féidir go leor de na fadhbanna a bhaineann le breiseáin a réiteach má dhéantar nuashonrú chun an leagan is déanaí den bhreiseáin a fháil. Le seiceáil an bhfuil aon cheann de na breiseáin atá suiteáilte agat as dáta, tabhair cuairt ar an leathanach 'Seiceáil do chuid Forlíontán' atá ag Mozilla. Bíonn an t-ainm atá ar an mbreiseán a thuairteáil le feiceáil sa theachtaireacht earráide.
Cá bhfaighidh mé tuilleadh eolais faoi thuarteálacha Adobe Flash?
Féach Adobe Flash plugin has crashed - Prevent it from happening again.
I mbun forbartha do Flash le Flex?
Is féidir le brisphointí cosaint ar chrochadh a thionscnamh i bhFirefox. Is féidir leat cosaint ar chrochach a dhíchumasú má shocraíonn tú an tsainrogha dom.ipc.plugins.timeoutSecs go -1. Féach an doiciméadacht ag Líonra Forbróirí Mozilla chun mionsonraí a fháil.